Sláinte agus Sábháilteacht

Sláinte & Sábháilteacht a Bhainistiú

Ceanglaítear ar sholáthraithe seirbhíse an reachtaíocht infheidhme ábhartha sláinte agus sábháilteachta a chomhlíonadh nuair a bhíonn siad ag cur áite gnó ar bun in Éirinn. Is é an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta an t-údarás inniúil chun comhlíontacht na reachtaíochta sláinte agus sábháilteachta ceirde in Éirinn a fhorfheidhmiú.

Ráiteas sábháilteachta agus measúnú priacail

Ceanglaítear ar sholáthraithe seirbhíse measúnú priacail a chur i gcrích ar an áit ghnó acu agus ráiteas sábháilteachta scríofa a chur le chéile.

Dualgais Fostóirí

Is iad fostóirí (ar a n-áirítear daoine féinfhostaithe) atá freagrach go príomha as áit oibre shábháilte, shláintiúil a chruthú agus a chothabháil. Áirítear ar na dualgais atá ag fostóir:

  • Gach gníomhaíocht oibre a bhainistiú agus a stiúradh sa chaoi go gcinntítear sláinte, sábháilteacht agus folláine daoine ag an obair.
  • Áit oibre shábháilte a bhfuil rochtain agus éalú sábháilte inti, agus ina n-úsáidtear gléasra agus trealamh atá sábháilte agus gan phriacal don tsláinte, a dhearadh, a sholáthar agus a chothabháil
  • Eolas, teagasc, oiliúint agus maoirsiú maidir le sláinte agus sábháilteacht a chur ar fáil d’fhostaithe.
  • Áiseanna leasa a sholáthar agus a chothabháil d’fhostaithe ag an áit oibre.
  • Priacail a chosc ag an áit oibre, do dhaoine eile, ar a n-áirítear, mar shampla, cuairteoirí, custaiméirí, soláthraithe agus ionadaithe díolacháin.
  • Is ceart go gcuirfeadh an fostóir fostaithe ar an eolas maidir le priacail ar bith a bhfuil gá le trealamh cosanta ina n-aghaidh. Is ceart go gcuirfeadh an fostóir trealamh cosanta ar fáil (ar nós éadaí cosanta, clogaid, coisbhirt, gloiní cosanta, lámhainní) mar aon le hoiliúint maidir leis an gcaoi le é a úsáid, áit is gá. Is ceart é seo a chur ar fáil don fhostaí saor in aisce más san áit oibre amháin atá sé beartaithe é a úsáid.

 

Teagmháil a Dhéanamh leis an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta

R-phost: wcu@hsa.ie

Teileafón: +353 1 614 7000

Foirm Teagmháil Linn ar fáil anseo.

Tuilleadh Eolais (naisc sheachtracha)

Ráiteas Sábháilteachta a Ullmhú

Sláinte agus Sábháilteacht a Bhainistiú