Gnólacht a Dhúnadh

Sa chás go bhfuil tú ag machnamh gnólacht a dhúnadh nó a aistriú, nó go bhfuil tú ar tí gnólacht a dhúnadh nó a aistriú, tá roinnt eolais riachtanaigh liostaithe againn thíos.

Trádálaí Aonair

Más trádálaí aonair thú próiseas an-shimplí atá i gceist. Ní dhéanann tú ach éirí as an trádáil agus cuireann tú in iúl do do chuid cliant agus soláthraithe nach bhfuil tú i mbun gnó a thuilleadh. Beidh ort taifid airgeadais agus eile a choimeád ar feadh 6 bliana tar éis duit an gnólacht a dhúnadh.

Má bhaineann tú leas as ainm gnó ní mór duit cur in iúl d’Oifig Chláraithe na gCuideachtaí laistigh de 3 mhí go bhfuil tú éirithe as an trádáil. Féadtar é seo a dhéanamh ar Fhoirm RBN3 (pdf).

Féadann tú do chlárú cánach agus CBL leis na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar ceal trí Fógra Cealaithe Cláraithe Cánach (foirm TRCN1)(pdf) a chomhlánú.

Dúnadh Síos Deonach Cuideachta

Má tá do ghnólacht corpraithe mar chuideachta, is féidir gur mian leat é a dhúnadh mar gheall ar scor nó cúis phearsanta. Leachtú a thugtar ar phróiseas dúnta cuideachta sa chaoi nach ann di a thuilleadh, trína sócmhainní a úsáid chun a fiacha a íoc. Leachtaitheoir an duine a cheaptar chun an chuideachta a dhúnadh síos agus arb é an príomh-ról atá aige sócmhainní na cuideachta a chur de láimh, a fiacha a íoc nó a shocrú agus barrachas ar bith a dháileadh ar a comhaltaí. Nuair atá leachtú a dhéanamh ar chuideachta is gnách go nglacann an leachtaitheoir chuige féin cumhachtaí na stiúrthóirí. Tá 2 chineál leachtaithe deonaigh ann mar seo a leanas:

Leachtú Deonach na gComhaltaí: Sin nuair a chinneann comhaltaí na cuideachta atá in ann a fiacha a íoc í a dhúnadh síos. Mar chuid den phróiseas seo caithfidh tromlach na stiúrthóirí gnó dearbhú sócmhainneachta a dhéanamh. Ciallaíonn an dearbhú seo go bhfuil siad tar éis gnóthaí na cuideachta a fhiosrú agus go gcreideann siad go mbeadh sí in ann a fiacha a íoc laistigh de thréimhse áirithe.

Leachtú Deonach na gCreidiúnaithe: Sin nuair nach mbíonn cuideachta in ann a fiacha a íoc nuair atá siad dlite. Uaireanta tarlaíonn sé seo nuair a thiontaítear leachtú deonach na gcomhaltaí i leachtú deonach na gcreidiúnaithe. I gcásanna eile, tarlaíonn sé nuair a chinneann comhaltaí cuideachta, i bhfianaise na bhfiacha atá uirthi, gur ceart an chuideachta a scaoileadh trí leachtú deonach na gcreidiúnaithe.

Dócmhainneacht

Ciallaíonn leachtú neamhdheonach gurb í an chúirt a dhúnann cuideachta síos. Tarlaíonn sé seo go hiondúil tar éis dó bheith tionscanta ag aon chomhalta nó creidiúnaí de chuid na cuideachta. I dtosca áirithe, féadann sé tarlú de réir oird ón Aire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta. Is í an chúirt a cheapann an leachtaitheoir agus a mhaoirsíonn an próiseas leachtaithe.

Féadann an chúirt glacadóir a cheapadh, nó nuair atáthar ag forfheidhmiú comhaontaithe iasachta. Ceaptar an glacadóir chun stiúradh a ghlacadh ar shócmhainní na cuideachta a úsáideadh chun iasacht a urrú, mar shampla morgáiste. Nuair a bhíonn iasacht urraithe ar shócmhainní áirithe de chuid na cuideachta, díolann an glacadóir na sócmhainní seo thar ceann an iasachtóra.

Má théann cuideachta chun scrúdaitheoireachta, ciallaíonn sé sin go bhfuil drochbhail ar shláinte airgeadais na cuideachta, ach go bhfuil an chuideachta inmharthana i gcónaí go féideartha. Duine is ea scrúdaitheoir a cheapann Cúirt ar chuideachta chun suíomh na cuideachta a mheas agus plean tarrthála a ullmhú don chuideachta.

Fostaithe agus Dúnadh Gnólachta

Nuair a dhúntar gnólacht cosnaíonn an dlí cearta fostaithe.
Mura dteastaíonn seirbhísí cuid de d’fhostaithe uait a thuilleadh (de bhrí go bhfuil deacrachtaí airgeadais ort nó go bhfuil tú ag déanamh atheagraithe ar do ghnólacht) is féidir go dteastóidh uait iad a dhéanamh iomarcach. Tá teidlíocht chun íocaíochta reachtúla iomarcaíochta ag gach fostaí intofa nuair a fhágtar iomarcach é nó í.

Caithfidh tú a dheimhniú go gcomhlíontar nósanna imeachta córa. Orthu seo tá critéir chóra roghnúcháin, 2 sheachtain fógra ar a laghad a thabhairt don bhfostaí agus an íocaíocht iomarcaíochta atá dlite don fhostaí a íoc ar dháta an dífhostaithe. D’fhéadfadh teidlíocht chun éileamh a thabhairt maidir le dífhostú éagóir a bheith ag d’fhostaithe má mheasann siad gur roghnaíodh go héagóir iad chun iomarcaíochta nó má mheasann siad nach raibh aon fhíorchás iomarcaíochta ann.

Tuilleadh Eolais

Office an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach

Caidrimh san Áit Oibre – An caidreamh fostaíochta a fhoirceannadh