Gnólacht a Chlárú

Áit a bhfuil cuideachta nó duine ag trádáil in Éirinn faoi ainm ar bith seachas a (h)ainm nádúrtha, ní mór don chuideachta/duine clárú le hOifig Chláraithe na gCuideachtaí (An Oifig).

Féadann an chuideachta/duine a chinneadh cén chaoi is mian leis nó léi clárú. Ní mór áit ghnó a bheith ag an gcuideachta/duine in Éirinn, áfach, sula féidir leis an Oifig glacadh leis an iarratas.

Cuideachta a Chlárú

Eagraíocht ghnó i bhfoirm dhlíthiúil is ea cuideachta. Eintiteas í atá leithleach go dlíthiúil agus, mar sin, tá sí leithleach agus dealaithe uathu siúd a reáchtálann í.

Is ceart Foirm A1 a chur faoi bhráid mar aon le bunreacht. Féadtar ionchorprú cuideachta (i gcás cuideachta TEO) a chomhlánú ar line.

Cuideachta Eachtrach a Chlárú (Cuideachta Sheachtrach)

Cuideachta ar bith atá corpraithe lasmuigh den Stát agus a bhunaíonn brainse laistigh den Stát, ní mór í a chlárú leis an Oifig faoi Acht na gCuideachtaí, 2014. Ní mór an clárú a chur i gcrích laistigh de mhí amháin ó bunaíodh an brainse laistigh den Stát.

Cuideachtaí as Ballstát den LEE comhdaigh Foirm F12 chun clárú.

Cuideachtaí as Stát nach ball den LEE é comhdaigh Foirm F13 chun clárú.

Ainm Gnó a Chlárú

Chun ainm gnó a chlárú, cuir an fhoirm chuí faoi bhráid na hOifige, in éineacht leis an táille chláraithe (€40 do chomhdú páipéir /€20 do chomhdú leictreonach), laistigh de mhí amháin tar éis duit an t-ainm gnó a ghlacadh chugat féin.

Tá foirmeacha ar fáil anseo nó, de mhalairt air sin, féadtar iad a chomhlánú ar line.

Sonraí Teagmhála

R-phost: info@cro.ie

Teileafón: +353 1 804 5200

CORE- Timpeallacht Chláraithe Cuideachtaí Ar Líne – Iarratais ar líne

Féadtar tuilleadh sonraí teagmhála a fháil ar leathanach ‘déan teagmháil linn’ na hOifige.