Ceisteanna Coitianta

Cén chaoi is ceart clárú mar leictreoir in Éirinn?

Má tá cáilíocht faighte agat lasmuigh d’Éirinn, is ceart duit é a fháil measúnaithe chun fostaíocht a fháil in Éirinn. Chun é seo a dhéanamh, is gá duit dul i dteagmháil le Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann, an Lárionad Éireannach i gcomhair aitheantais cáilíochtaí.

Ina theannta sin, má tá sé ar intinn ag duine aonair nó cuideachta obair leictreonach a chur i gcrích i suíomh teaghlaigh, ní mór don duine nó don chuideachta clárú, de réir dlí, le Safe Electric. Is éard tá i Safe Electric ná an scéim reachtúil rialála do chonraitheoirí leictreonacha agus is é an Register of Electrical Contractors of Ireland (RECI) a fheidhmíonn é thar ceann an Choimisiúin, Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRF).

Chun cur isteach ar bhallraíocht le Safe Electric, caithfidh tú an fhoirm chláraithe a ionchur, mar aon le do cháilíochtaí aitheanta leictreonacha, teistiú den chúrsa críochnaithe ‘fíorú agus teistiú suiteálacha leictreonacha’ agus foirm teastais árachais. Féadtar iad seo a chur faoi bhráid tríd an bpost nó tríd an r-phost. Tá tuilleadh eolais faoi shonraí teagmhála, táillí agus línte ama d’iarratais le fáil ar a suíomh gréasáin, anseo.

Táim ag machnamh caifé nó gnólacht bia a oscailt, cén t-eolas a theastaíonn uaim?

Nuair atá siad ag oscailt gnólachta seirbhíse bia in Éirinn (e.g. caifé/bialann), éilítear ar ghnólachtaí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

 

I gcás áitreabh seirbhíse ar nós bialann, caiféanna, nó bialann beir leat, is é an ghníomhaireacht gur ceart clárú léi ná an Oifig Sláinte Comhshaoil (EHO) áitiúil de chuid Fheidhmeannas na Seirbhísí Sláinte (FSS). Is ceart do gach aon ghnólacht dul i dteagmháil go díreach leis an oifig EHO chun tuilleadh eolais a fháil faoi na nósanna imeachta cláraithe a theastaíonn.

Tuilleadh Eolais:

Uirlis do thacú le FBManna ar líne – Tacaíochtaí airgeadais agus eolais

Údaráis Áitiúla Éireann – Eolas faoi thacaíochtaí turasóireachta, sábháilteacht dóiteáin, rátaí gnó agus pleanáil.

Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann - Tacaíochtaí agus oiliúint agus eolas atá sainiúil don tsábháilteacht bia.

Coimisinéirí Ioncaim – Tionscnaimh do ghnólachtaí nuathionscanta

Cead ceol a sheinm in áitreabh

Is mian liom athrú a chur ar m’áitreabh/foirgneamh (Cead Pleanála agus Fógraí Tosaithe)

Go hiondúil, bíonn ar dhuine iarratas a chur isteach ar chead pleanála i gcomhair forbartha ar bith ar thalamh nó réadmhaoin. Áirítear air seo tógáil, scartáil, nó athruithe ar thalamh nó réadmhaoin, agus athrú ábhartha (i.e. suntasach) úsáide a chur ar thalamh nó foirgnimh. Tá roinnt oibreacha ann, áfach, nach gá cead pleanála ina gcomhair agus tugtar forbairt dhíolmhaithe orthu. Is ceart duit labhairt leis an údarás áitiúil agat chun a chinneadh an gá cead pleanála i gcomhair do thionscadail féin.

Nuair a bheidh cead pleanála agat agus roimh duit tosú ag tógáil tá foirmeacha ann a mbeidh ort iad a sheoladh chuig an údarás áitiúil agat. Ag brath ar céard tá tú ag tógáil, is féidir go mbeidh ort Fógraí Tosaithe a sheoladh chuig an údarás áitiúil agat. 

Fógra Tosaithe

Is é is cuspóir le Fógra Tosaithe ná a chur in iúl don údarás rialála tógála cuí go bhfuil faoi dhuine ceachtar acu oibreacha tógála a chur i gcrích, nó athrú ábhartha úsáide a chur ar fhoirgneamh a bhfuil feidhm ag na Rialúcháin Tógála ina leith. Is ceart an fógra a thabhairt don údarás tráth nach luaithe ná 28 lá agus nach déanaí ná 14 lá roimh thosach na n-oibreacha nó an athrú úsáide. Nuair a bheidh siad bailíochtaithe ag an údarás rialála tógála, caithfidh tosú a bheith curtha leis na hoibreacha ar an suíomh laistigh den tréimhse 28 lá.

Cén uair a theastaíonn fógra tosaithe?

  • Na hoibreacha ar fad a dteastaíonn cead pleanála ina gcomhair
  • Tógáil foirgnimh
  • Athrú ábhartha nó méadú ar fhoirgneamh
  • Athrú ábhartha úsáide
  • Oibreacha a bhaineann le hathrú ábhartha ar fhoirgneamh

 

Leagtar na riachtanais seo amach in Alt 6 den Acht um Rialú Foirgníochta, 1990 (Uimhir 3 de 1990). Leagtar an próiseas amach i gCuid II de na Rialúcháin um Rialú Foirgníochta 1997 – 2014. Tá an tAcht agus na Rialúcháin araon le fáil ar www.irishstatutebook.ie.

Teastais Sábháilteachta Dóiteáin

Léiríonn Teastas Sábháilteachta Dóiteáin (FSC) go bhfuil saoráidí leordhóthanacha éalaithe i láthair i bhfoirgneamh agus go bhfuil an foirgneamh deartha i mbealach a choisceann agus a chuireann teorainn le leathadh dóiteáin. Caithfidh gach foirgneamh géilleadh do Cuid B (Dóiteán) de na Rialúcháin um Rialú Foirgníochta 1997 – 2010.

Córas Bainistíochta Rialála Tógála

Tá Córas Bainistíochta Rialála Tógála (BCMS) forbartha ag na húdaráis áitiúla, le tacaíocht ón Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, a chuireann ar chumas Fógraí Tosaithe, Teastais Comhlíontachta ar Chríochnú agus na cáipéisí gaolmhara uile a chur faoi bhráid na n-údarás áitiúla go leictreonach.
Is é €30 in aghaidh an fhoirgnimh/aonaid an táille faoi láthair d’fhógra tosaithe a chur faoi bhráid tríd an BCMS.

Tuilleadh Eolais

Údarás Áitiúil – eolas teagmhála

Córas Bainistíochta Rialála Tógála

Cé na céimeanna atá ag gabháil le hoscailt Leaba agus Bricfeasta?

Chun Leaba & Bricfeasta a bhunú in Éirinn caithfidh tú reachtaíocht pleanála a chomhlíonadh i dtaca le sábháilteacht dóiteáin agus rialúcháin áitiúla tógála. Caithfidh tú chomh maith bheith comhlíontach le reachtaíocht bia agus rialúcháin sláinte & sábháilteachta.

Cóiríocht

Bíodh is gur féidir nach bhfuil tú ag cur athraithe fisicigh ar d’áitreabh, féadtar éileamh ort cead pleanála a fháil chun athrú a chur ar úsáid na réadmhaoine. Chun ceist a chur maidir le do thosca pearsanta déan teagmháil leis an Údarás Áitiúil.

Tá cumhachtaí agus feidhmeanna sainiúla ag Fáilte Éireann (Fáilte Ireland), faoi na hAchtanna Tráchta Turasóirí 1939-2003, maidir le clárú, faomhadh agus grádú cóiríochta do thurasóirí. Comhlíonann siad an fheidhm seo trí na riachtanais i gcomhair na gcatagóirí éagsúla tithe Leaba agus Bricfeasta a shocrú, agus trí phróisis monatóireachta rialta ar na caighdeáin i ngach sórt cóiríochta faofa.

Fáilte Ireland – Riachtanais maidir le faomhadh agus grádú Leaba agus Bricfeasta

Córas Bainistíochta Rialála Tógála

Bia

Éilítear le Rialúchán (CE) Uimh. 852/2004 go gcaithfidh gach gnó bia a bheith cláraithe leis an údarás maoirsithe inniúil; i gcás tithe Leaba agus Bricfeasta, déantar é seo tríd an oifig áitiúil sláinte comhshaoil. Faigh le do thoil a n-uimhir teagmhála anseo.

Tá úinéirí gnólachtaí freagrach as láimhseáil shábháilte agus as ullmhú agus inrianaitheacht bia, agus as na cúrsaí sláinteachais bia a bhaineann leis an ngnólacht.

Má tá fút alcól a dháileadh mar chuid den Leaba agus Bricfeasta, beidh ort ceadúnas cuí a fháil ó na Coimisinéirí Ioncaim.

Cén saghas ceadúnais a theastóidh uaim chun alcól a dháileadh?

Braitheann an saghas ceadúnais alcóil a theastóidh uait ar an gcineál gnólachta atá á reáchtáil agat. Ós rud é go bhfuil ceadúnais iomadúla ann, má bhíonn deacracht agat a chinneadh cén ceann atá oiriúnach, déan teagmháil le do thoil leis an Oifig Náisiúnta Ceadúnais Máil (atá faoi shainchúram na gCoimisinéirí Ioncaim) chun do riachtanais aonair a phlé. R-phost: exciselicences@revenue.ie nó de theileafón: +353 1 738 3640.

Liostaithe thíos tá roinnt de na ceadúnais is coitianta atá ar fáil. Tá tuilleadh eolais ar fáil trí na naisc le suíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim.

Ceadúnas Tábhairneora

Ceadaíonn Ceadúnas Tábhairneora don sealbhóir alcól a dhíol chun é a chaitheamh ar an áitreabh agus lasmuigh de araon. Ní bhronnfar é i gcás áitribh ar bith nach bhfuil sé ar intinn alcól a dhíol ann ach amháin chun é a chaitheamh lasmuigh den áitreabh.

Ceadúnas Óstáin

Ceadúnas Tábhairneora ar choinníoll is ea Ceadúnas Óstáin a cheadaíonn díol an alcóil in óstáin.

Eischeadúnas Miondíoltóra

Ceadaíonn Eischeadúnas Miondíoltóra díol an alcóil i gcainníochtaí beaga i soithí dúnta chun é a chaitheamh lasmuigh den áitreabh.

Ceadúnas Speisialta Bialainne

Tá cead ag sealbhóir Ceadúnais Speisialta Bialainne gach saghas alcóil a dhíol chun é a chaitheamh sa bhialann suas go dtí teorainneacha áirithe.