Cén fáth Éire

Is ceárta cheart fiontraíochta agus gnó idirnáisiúnta í Éire, í ina ball tiomanta de Mhargadh Singil an AE agus den limistéar euro agus is áit iontach í le bheith ag obair agus ag maireachtáil inti.

Is iomaí tairbhe atá ag gabháil le gnó a chur ar bun anseo in Éirinn, tír a bhfuil spiorad na fiontraíochta go tréan inti.

Eochair-chúiseanna le do ghnó a chur ar bun in Éirinn:

Rochtain ar fhórsa oibre óg, foghlamtha, ardoilte – tá ceann de na fórsaí oibre is oilte ar domhan le fáil in Éirinn. 53.5% an céatadán de dhaoine in aois 30-34 bliain in Éirinn a bhfuil cáilíocht tríú leibhéal acu i gcomparáid le meánleibhéal de 40% san AE. (LOS, 2016)

Pobal beoga caipitil fhiontair do chuideachtaí atá suite in Éirinn

Suíomh, suíomh, suíomh – tairseach thábhachtach don Eoraip, don Mheánoirthear agus do Mheiriceá Thuaidh agus Theas. Tá naisc fhairsinge iompair ag Éirinn chomh maith leis an Eoraip agus leis an gcuid eile den domhan.

Bonn fíormhealltach costais

Ardchaighdeán beatha

Tá Éire mar bhonnáit ag cuideachtaí tosaigh an domhain, na cuideachtaí seanbhunaithe, agus ag cuideachtaí mearfháis chomh maith a bheidh ag múnlú na geilleagrach amach anseo.

Tá infheistíochtaí beartaithe ag Éirinn dar luach €116 billiún d’oibreacha infreastruchtúir phoiblí agus caipitil faoin bPlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027.

Tá saol na ngnólachtaí nuathionscanta in Éirinn ag borradh le han-chuid foinsí tacaíochta do ghnólachtaí nuathionscanta, idir thacaíocht airgeadais agus thacaíochtaí eile. Feic le do thoil ár n-uirlis tacaíochta ar líne chun a fháil amach cé na tacaíochtaí atá ar fáil do do ghnósa.