Cearta Fostaíochta

Tugann an suíomh gréasáin Caidreamh Áite Oibre faisnéis faoi chearta agus oibleagáidí faoin reachtaíocht fostaíochta agus comhionannais in Éirinn. Is ceart teagmháil dhíreach a dhéanamh leo maidir le haon cheist a bhaineann le cearta fostaíochta.

Fostóirí – Gnólacht nua a thionscnamh

Nuair atá siad ag cur gnólachta nua ar bun in Éirinn a mbeidh fostaithe á íoc aige, éilítear ar fhostaithe bheith feasach ar an dlí fostaíochta ábhartha a bhfuil feidhm aige.

Tá faisnéis i gcomhair fostóirí atá ag cur gnólachta nua ar bun le fáil ar an suíomh gréasáin Caidreamh Áite Oibre anseo.

Oibrithe ar Phostú

Is éard is "Oibrí ar Phostú" ann ná fostaí atá seolta ag an bhfostóir chun seirbhís a chur i gcrích i mBallstát AE eile ar bhonn sealadach. Faoi Treoir na Comhairle 96/71/CE sainmhínítear oibrí ar phostú mar ‘duine a chuireann obair i gcrích, ar feadh tréimhse sealadaí, i gcríoch Ballstáit AE seachas an Stát ina mbíonn sé nó sí ag obair de ghnáth’. Ní chuimsítear sa sainmhíniú daoine aonair a chinneann dá ndeoin féin fostaíocht a lorg i mBallstát eile, pearsanra muirghabhála sa chabhlach trádála ná daoine féinfhostaithe.

Tá Treoir 96/71/CE an CE maidir le hOibrithe ar Phostú trasuithe i ndlí na hÉireann mar fhoráil ilghnéitheach den Acht um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha), 2001.

Forálann an tAcht go bhfuil feidhm ag raon iomlán na reachtaíochta cosanta fostaithe Éireannaí i leith oibrithe eachtracha atá ar phostú chun oibriú sa tír seo nó ag obair ar bhonn éigin eile inti.

Ghlac an Coimisiún Eorpach chuige féin reachtaíocht bhreise chun foráil a dhéanamh do mhonatóireacht fheabhsaithe ar chásanna postaithe agus chun feabhas a chur ar chomhlíontacht na rialacha atá ann faoi láthair maidir le hoibrithe ar phostú. Glacadh le Treoir AE nua, Treoir 2014/67/AE maidir le forfheidhmiú Treorach 96/71/CE (“Treoir na Creatlaí”) maidir le postú oibrithe i mBealtaine 2014. Trasuíodh an Treoir nua i ndlí na hÉireann i 2016 i bhfoirm S.I. 412 of 2016 - European Union (posting of Workers) Regulations 2016.

Ar na heochair-bhearta a tugadh isteach leis na Rialúcháin seo tá:

  • oibleagáid ar sholáthraithe eachtracha seirbhíse nuair atá siad ag cur oibrithe ar phostú go hÉirinn fógra a thabhairt don Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (An Coimisiún). Caithfidh an sholáthraí seirbhíse faisnéis áirithe a chur ar fáil (ag baint úsáide dó as an bhFoirm Dhearbhaithe atá sainordaithe a fhéadtar í a íoslódáil anseo) a chuirfidh ar chumas an Choimisiúin monatóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí postaithe agus comhlíontacht na rialacha postaithe a dheimhniú;
  • dliteanas fochonraitheoireachta san earnáil tógála chun cosaint in aghaidh suim níos lú ná a dteidlíochtaí íosta bheith á híoc le hoibrithe ar phostú. Nuair nach íocann an fostóir díreach na rátaí infheidhme reachtúla pá le hoibrí ar phostú san earnáil tógála, féadtar dliteanas a chur i leith an chonraitheora céim amháin thuas uaidh as an easnamh sa phá glan;
  • cruthaíodh ceart ag an oibrí ar phostú gearán a chur ar aghaidh chuig Ard-Stiúrthóir an Choimisiúin agus an fostóir díreach agus an conraitheoir céim amháin thuas araon a ainmniú mar fhreagróirí
  • tugadh isteach cosaint díograise cuí don chonraitheoir in éileamh ar bith faoi bhráid an Choimisiúin. Leagtar amach go mionsonraithe sna rialúcháin an tástáil nó na critéir a bheidh ar an gconraitheoir iad a shásamh chun leas a bhaint as cosaint na díograise cuí;
  • bearta nua a cheadaíonn pionóis agus fíneálacha airgeadais riaracháin trasteorann a thabhaigh soláthraí seirbhíse i mBallstát eile a fhorfheidhmiú sa Bhallstát a bhfuil an soláthraí seirbhíse suite ann.

 

Féadtar an Fhoirm Dhearbhaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin tríd an r-phost (WRCpostedworkers@workplacerelations.ie) nó tríd an bpost.

Féadtar ceisteanna teileafóin a sheoladh chuig an gCoimisiún Líne Faisnéise Glao Áitiúil ag 0818 80 80 90 nó +353 59 917 8990 (Uaireanta Oscailte 09:30 go 17:00 - Luan go hAoine)

Féadtar tuilleadh sonraí teagmhála don Choimisiún a fháil anseo.