Cánacha a Íoc

UPSP – Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PPSN)

Nó mór duit UPSP (Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí) a bheith agat chun clárú i gcomhair cánach. Is í an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí a leithdháileann an UPSP.

Féadtar coinní a dhéanamh chun iarratas a chur isteach ar UPSP trína suíomh idirlín, MyWelfare.

Mar Fhostaí

Baineann an fostóir cáin ar ioncam a thuilleann tú ar do chuid oibre as do thuarastal thar ceann Rialtas na hÉireann. Íoc Mar A Thuillir (ÍMAT) a thugtar air seo. Braitheann méid na cánach a íocann tú ar an méid ioncaim a thuilleann tú agus ar do thosca pearsanta.

Clárú chun Cáin a Íoc mar Fhostóir

Féadann soláthraithe seirbhíse clárú do cháin ar líne. Féadann tú do chlárúcháin a bhainistiú trí áis r-Chláraithe na gCoimisinéirí Ioncaim. Féadann tú chomh maith clárú do Cháin Ioncaim (CI) ar myAccount trí 'Bainistigh mo Thaifead' agus 'Clárúcháin Cánach'. Féadfaidh tú ansin clárú do cháin ar bith eile a theastaíonn uait, ar nós;

Cáin Ioncaim

Cáin Chorparáide

Íoc Mar A Thuillir (ÍMAT) an Fhostóra

Tobhach Comhshaoil (ar mhálaí plaisteacha)

Cáin Bhreisluacha (CBL)

Cáin Conarthaí Ábhartha (CCA). (Ábhartha do chonarthaí áirithe i dtionscal na tógála)

Sonraí Teagmhála:

Gheobhaidh tú Sonraí Teagmhála na gCoimisinéirí Ioncaim don réigiún agat anseo.