Cáilíochtaí Gairmiúla

Aitheantas Cáilíochtaí Gairmiúla in Éirinn

Faoi Threoir 2013/55/AE maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint, déantar forálacha i gcás saoránach de chuid an AE go n-aithneofar na cáilíochtaí gairmiúla a fuair siad i dtír amháin den AE i dtíortha eile den AE.

Is í An Roinn Oideachais & Scileanna a mhaoirsíonn forfheidhmiú na Treorach AE in Éirinn agus a fheidhmíonn an pointe teagmhála chun cabhrú le soghluaisteacht daoine gairmiúla ar fud na hEorpa.

Má tá tuilleadh faisnéise uait féadann tú r-phost a chur chuig an bpointe teagmhála ag: qualifications@education.gov.ie

Líonra Enic-Naric

Bunaíodh an Líonra Eorpach Lárionad Faisnéise (Enic) agus na Lárionaid Faisnéise Náisiúnta um Aitheantas Acadúil (Naric) chun feabhas a chur ar aitheantas cáilíochtaí agus tréimhsí staidéir i dtíortha Eorpacha d’fhonn cabhrú le soghluaisteacht oibrithe, mac léinn, múinteoirí agus taighdeoirí.
Óstálann QQI (Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann) an lárionad Enic-Naric in Éirinn. Soláthraíonn siad:

  • Comhairle maidir le haitheantas ghinearálta acadúil cáilíochtaí a fuarthas lasmuigh d’Éirinn
  • Sonraí teagmhála do chomhlachtaí aitheantais ghairmiúil áit a dteastaíonn aitheantas gairmiúil do cháilíocht eachtrach
  • Faisnéis faoi chóras oideachais agus oiliúna na hÉireann a chuireann chun cinn aitheantas cáilíochtaí Éireannacha thar lear

 

Féadann tú cuairt a thabhairt ar an leathanach gréasáin NARIC Ireland chun tuilleadh faisnéise agus comhairle a fháil faoi aitheantas acadúil cáilíochtaí eachtracha in Éirinn mar aon le sonraí faoin gcaoi le teagmháil a dhéanamh go díreach leo.

Cárta Gairmiúil Eorpach (EPC)

Gnás leictreonach is ea an Cárta Gairmiúil Eorpach (EPC) a fhéadann tú leas a bhaint as chun do cháilíochtaí gairmiúla AE a fháil aitheanta i dtíortha AE eile.

Féadann tú an gnás EPC a úsáid más de ghairm díobh seo thú:

  • Altra cúraim ghinearálta
  • Cógaiseoir
  • Fisiteiripeoir
  • Treoraí sléibhe
  • Gníomhaire eastáit réadaigh

 

Chun iarratas a chur isteach ar EPC, beidh ort ar dtús síniú isteach i d’Eorpa, seirbhís fhíordheimhnithe an Choimisiúin Eorpaigh, áit a mbeidh ort cuntas a chruthú. Tógfaidh sé cúpla nóiméad chun do phróifíl a chomhlánú le do chuid eolais phearsanta agus sonraí teagmhála. A luaithe a mbeidh do phróifíl comhlánaithe, féadfaidh tú iarratas a chruthú, cóipeanna scanta go leictreonach de na cáipéisí cuí a uaslódáil agus iad a chur faoi bhráid do thíre dhúchais féin chun faomhadh a fháil.