Áitreabh a Chur ar Bun

Nuair atá tú ag cinneadh ar áitreabh gnó fisiceach a chur ar bun in Éirinn is ceart duit dul i dteagmháil leis an údarás áitiúil agat. Is iadsan is fearr a bheidh in ann gach ceist a fhreagairt maidir le háit ghnó a chur ar bun in Éirinn.

Ceanglaítear ar sholáthraithe seirbhíse in Éirinn gach rialúchán ábhartha tógála agus pleanála a chomhlíonadh dá n-áitreabh.

Má tá fút bheith ag obair ó d’áit chónaithe, is féidir go mbeidh Cead Pleanála de dhíth ort chomh maith. Cás amháin de sin tú bheith ag úsáid seomra amháin nó níos mó chun críocha gnó – agus sa chás sin, theastódh uait cur isteach ar athrú páirteach úsáide ó chuspóir teaghlaigh go dtí cuspóir trádála. Dá dtógfá seid, is dócha go dteastódh Cead Pleanála uait. Beidh an tÚdarás Áitiúil agat in ann comhairle a thabhairt maidir le cúrsaí pleanála.

Rátaí

Muirear trádála is ea rátaí a ghearrann na hÚdaráis Áitiúla ar áititheoirí réadmhaoine trádála agus tionscail. Bailíonn na hÚdaráis Áitiúla rátaí bunaithe ar luachálacha réadmhaoine.
Roimh duit réadmhaoin a cheannach nó a thógáil ar léas, is ceart duit a sheiceáil go bhfuil gach muirear a bhí ar an réadmhaoin roimhe sin íoctha nó is féidir go mbeadh dliteanas ort as an tsuim atá gan íoc.

Eisilteach Trádála

Is éard is eisilteach trádála ann ná dramhaíl leachtach ar bith (seachas séaracht tís nó uisce báistí) a scardtar as áitreabh trádála chun na séarach poiblí. Féadtar a chuimsiú in eisilteach trádála ábhair ar nós saillte, olaí agus gréisce, ceimiceán, glantach, sruthlóidí trom-mhiotail nó dramhaíl bia. Faoi Alt 16 den Acht Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce), 1977 (arna leasú), níl cead ag duine aonair ná gnólacht eisilteach trádála a scardadh chun séaraigh ach amháin de réir ceadúnais arna dheonú faoi na rialúcháin seo.

Chun eisilteach trádála a scardadh chun an tséaraigh, caithfidh tú iarratas a chur isteach ar Cheadúnas um Eisilteach Trádála a Scardadh chun Séaraigh.

Eisilteach Trádála: Nasc le hIarratas

Tuilleadh eolais

Riachtanais Tógála agus Pleanála.

Oifig Chláraithe na gCuideachtaí.

Sonraí teagmhála

Tá 33 Comhairle áitiúil Cathrach agus Contae in Éirinn.

Chun sonraí teagmhála na comhairle áitiúla agat a fháil, cliceáil anseo le do thoil.